Report on Insurance and Fire Safety in Thatched Properties
Introduction
Thatch insurance is a longstanding problem, but owners have found it increasingly difficult in recent years to insure their buildings at an affordable price. Both Heritage Ireland 2030, the new national heritage plan, and A Living Tradition, the new vernacular built heritage strategy, contain actions to address the issue of insurance of protected structures, including thatched buildings.
Expert Report Commissioned
The Department contracted a historic buildings expert to produce a report on the topic of thatch insurance. This study considered information received from the insurance industry, owners, fire officers and local authority heritage personnel on the incidence and causes of fire in thatched buildings. It also examined research undertaken in other jurisdictions on fire-prevention measures, and explored how these could be implemented in the Irish context.
Way Forward – Fire Prevention and Mitigation
In other countries thatched buildings are insured by commercial providers at rates which owners can afford, indicating that this is not an insoluble problem.
The research undertaken indicates that work must done to improve fire prevention and mitigation in thatched buildings. The expert report contains findings that require further development and action, but initial indications are that there is scope to significantly reduce the incidence of fire in thatched buildings in Ireland. This is expected to reduce costs for insurers and, through commercial competition, to bring down premiums.
Different insurers attach very different conditions to their thatch policies, indicating that there is no consensus in the industry on what works to prevent fire in thatched buildings. Authoritative fire prevention guidance for owners/occupiers and insurers that is tailored to the Irish context is essential.
The Department will draw up this guidance in conjunction with the National Directorate for Fire and Emergency Management and the Building Standards Section. Following the principles of the Department’s Fire Safety Codes of Practice, the guidance will include advice on the management of fire safety and the prevention of fire, limiting the development and spread of fire, and providing access and facilities for the fire services.
As well as guidance for owners, the Department and the National Directorate for Fire and Emergency Management will develop Standard Operating Guidance for fire in thatched buildings. This type of guidance is intended for the fire services in local authorities. Recent research into firefighting in thatch indicates that improvements can be made that reduce both roof and building loss, while of course ensuring that human safety is paramount. This guidance is expected to reduce damage in cases where fire does break out, which would further reduce insurance costs and ultimately premiums.
Conclusion
To address the issue of insurance, what is essential is to reduce the risk of fire and minimise losses where fire does occur. This will reduce insurers’ costs and enable them to make reasonable commercial returns while charging affordable premiums. The initial evidence is that substantial improvements can be made in this regard. The Department will continue to work with owners, fire advisors, and the insurance sector to develop and disseminate research-based guidelines and reduce fire risk in thatched buildings.
Report on Insurance and Fire Safety in Thatched Properties (November 2022)
Réamhrá
Téann fadhb an árachais cheann tuí siar i bhfad, ach tá sé ag éirí níos deacra ná riamh ag úinéirí árachas a chur ar a gcuid foirgnimh ar phraghas inacmhainne. Tá gníomhanna le fáil in Oidhreacht Éireann 2030, an plean náisiúnta nua don oidhreacht, agus Traidisiún Beo, an straitéis nua don oidhreacht thógtha dhúchasach, chun déileáil le ceist árachas na bhfoirgneamh cosanta, foirgnimh ceann tuí san áireamh.
Sainthuarascáil Coimisiúnaithe
Thug an Roinn coimisiún do shaineolaí ar fhoirgnimh stairiúla chun tuarascáil a chur le chéile ar ábhar an árachais ceann tuí. Thug an tuarascáil seo faoi deara eolas faighte ón tionscail árachais, úinéirí, oifigigh dóiteáin agus pearsanra oidhreachta na n-údarás áitiúil ar mhinicíocht agus cúiseanna dóiteáin i bhfoirgninh ceann tuí. Scrúdaigh sé freisin taighde a thugadh faoi i ndlínsí eile ar bheartanna chosc dóiteáin, agus phléigh sé an chaoi chun iad seo a chur i bhfeidhm sa chomhthéacs Éireannach.
An Bealach ar Aghaidh – Cosc agus Maolú Dóiteáin
I dtíortha eile tugann soláthróirí tráchtála árachas d’fhoirgnimh ceann tuí faoi rátaí atá inachmhainne d’úinéirí agus taispeánann sé seo nach fadhb gan socrú é seo.
Taispeánann an taighde a thugadh faoi go bhfuil obair le déanamh chun cosc agus maolú dóiteáin a fheabhsú i bhfoirgnimh ceann tuí. Tá torthaí ar fáil sa tuarascáil saineolach a thugann le fios go gcaithfear obair a dhéanamh chun tuilleadh forbartha agus gníomhú a chur chun cinn, ach léiríonn na chéad chomharthaí dúinn go bhfuil deis againn an mhinicíocht dóiteáin a laghdú go suntasach i bhfoirgnimh ceann tuí in Éirinn. Ceaptar go dtitfidh costais do na n-árachóirí agus, trí iomaíocht tráchtála, a bpréimheanna a ísliú.
Bíonn coinníollacha éagsúla á cheangal ag árachóirí éagsúla leis a gcuid polasaithe ceann tuí, ag léiriú nach bhfuil comhaontú le fáil sa tionscail faoi cad a oibríonn chun cosc a chur ar dhóiteáin i bhfoirgnimh ceann tuí. Tá sé riachtanach treoiríocht údarásach a bheith ar fáil d’úinéirí/áititheoirí agus árachóirí atá saindeartha don chomhthéacs Éireannach.
Cumfaidh an Roinn an treoiríocht seo i gcomhar leis an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála agus an Rannóg Caighdeáin Foirgníochta. Curtha san áireamh sa treoiríocht seo, de réir phrionsabail Chódanna Cleachtais Sábhailteachta Dóiteáin na Roinne, beidh comhairle ar fáil ar bhainistíocht na sábháilteachta dóiteáin agus cosc dóiteáin, chun teorainn a chur le forbairt agus leathadh dóiteáin, agus comhairle ar rochtain agus áiseanna a sholáthrú do na seirbhísí dóiteáin.
Chomh maith le treoiríocht d’úinéirí, beidh an Roinn agus an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála ag forbairt Treoiríocht Oibriúcháin Caighdeánach le haghaidh dóiteáin i bhfoirgnimh ceann tuí. Beidh an saghas treoiríochta seo dírithe ar na seirbhísí dóiteáin sna húdaráis áitiúla. Taispeánann taighde a rinneadh le déanaí ar chomrac dóiteáin gur féidir feabhsúcháin a dhéanamh a laghdóidh caillteanas dín agus foirgnimh agus, ag an am chéanna, cinntiú go bhfuil sábháilteacht daonna thar a bheith tábhachtach. Ceaptar go laghdóidh an treoiríocht seo an damáiste i gcásanna a théann foirgneamh trí thine, rud a laghdóidh fós costais árachais agus, ag deireadh an lae, préimheanna.
Conclúid
Chun dul i ngleic le fadhb an árachais, is é an rud atá riachtanach ná an baol dóiteáin a ísliú, agus na caillteannais a íoslaghdú nuair a théann foirgneamh trí thine. Laghdóidh sé seo costais na n-árachóirí agus cur ar a gcumas brabúis réasúnta tráchtála a dhéanamh fad a mbeidh siad ag gearradh préimheanna inachmhainne. Is é an chéad fhianaise ná go mbeifear in ann feabhsúcháin suntasacha a dhéanamh ina thaobh seo. Leanfaidh an Roinn ag obair le h-úinéirí, comhairleoirí dóiteáin agus an earnáil árachais, chun treoirlínte atá bunaite ar thaighde a fhorbairt agus a scaipeadh agus baol dóiteáin i bhfoirgnimh ceann tuí a laghdú.
Report on Insurance and Fire Safety in Thatched Properties (November 2022)