SUÍOMH GRÉASÁIN FHARDAL NÁISIÚNTA NA HOIDHREACHTA AILTIREACHTA (NIAH)

Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Roinn an Rialtais atá freagrach as tithíocht agus uisce, as pleanáil fhisiciúil agus spásúil, don rialtas áitiúil, as réamhaisnéis na haimsire agus as oidhreacht thógtha agus nádúrtha.

Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú.  Mínítear sa Ráiteas Príobháideachais seo an chaoi a bpróiseálfaidh an Roinn, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di i leith an suíomh gréasáin www.buildingsofireland.ie; conas a úsáidfear an fhaisnéis sin; agus na cearta is féidir leat a fheidhmiú i ndáil le do shonraí pearsanta.

 

Cuspóirí na próiseála

Féadfaidh an Roinn an t-ainm agus/nó an seoladh ríomhphoist a chuireann tú isteach leis an bhfoirm teagmhála Mol leasú ar an taifead seo chun freagra a thabhairt duit chun sonraí agus/nó tuilleadh faisnéise a shoiléiriú.

Ní phróiseálfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta chun aon chríche seachas an cuspóir ar bailíodh iad ina leith.

 

Próifíliú

Ní úsáidfidh an Roinn aon sonraí pearsanta a bhaileofar uait maidir le www.buildingsofireland.ie chun cinnteoireacht uathoibrithe nó chun críocha próifílithe.

 

Dlíthiúlacht na próiseála

Tá próiseáil do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6 1(e) agus faoi fhorálacha an Acht um Oidhreacht Ailtireachta (Fardal Náisiúnta) agus Séadchomharthaí Stairiúla (Forálacha Ilghnéitheacha) 1999.

 

Slándáil de do shonraí pearsanta

Cuireann an Roinn bearta eagrúcháin agus teicniúla iomchuí i bhfeidhm chun do shonraí pearsanta a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.  Ach, in ainneoin na n-iarrachtaí seo, áfach, níl aon bhearta slándála foirfe nó do-airithe, agus ní féidir aon mhodh chun sonraí a tharchur a ráthú i gcoinne aon tascradh nó mí-úsáide de chineál eile.  Sa chás go gcuirtear do chuid sonraí pearsanta i gcontúirt mar thoradh ar shárú slándála,  cuirfear beartas agus nósanna imeachta Bainistíochta Sáraithe na Roinne i bhfeidhm.

 

Faighteoirí sonraí pearsanta

Ní mhalartófar sonraí pearsanta le haon Roinn Rialtais eile, údarás áitiúil, cuideachta phríobháideach, comhlacht poiblí nó tríú páirtí.

 

Aistrithe Sonraí Trasteorann

Ní aistreoidh an Roinn sonraí pearsanta a bhaileofar maidir le www.buildingsofireland.ie chuig aon tír nó eagraíocht lasmuigh den AE/LEE.

 

Cá fhad a choimeádfar do chuid sonraí?

Ní choimeádfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta ach a fhad is gá chun na gcríoch ar bailíodh agus ar próiseáladh iad ina leith.

De réir na riachtanas reachtach agus gnó, is í an tréimhse choinneála sonraí do do shonraí pearsanta, sa chás seo ná de thrí (3) mhí chun a chinntiú go bhfuil leasú molta, más iomchuí, curtha i bhfeidhm ar www.buildingsofireland.ie.

 

Do Chearta

Tá Beartas Cosanta Sonraí na Roinne, ina leagtar amach conas a úsáidfimid do chuid sonraí pearsanta, chomh maith le faisnéis a sholáthar maidir le do chearta mar ábhar sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir le ceart rochtana, ceart chun ceartaithe, ceart chun scriosadh, ceart chun srian a chur ar phróiseáil, ceart agóid a dhéanamh), ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.  Tá an beartas ar fáil i gcóip chrua freisin arna iarraidh sin.  Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann, agus tá sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg.

 

Teagmháil a Dhéanamh Linn

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, nó más mian leat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, téigh i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, sonraí thíos:

 

Oifigeach um Chosaint Sonraí

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Bóthar an Bhaile Nua,

Loch Garman

data.protection@housing.gov.ie

 

10 Meán Fómhair 2021

 

Baineann an Ráiteas Príobháideachais seo le www.buildingsofireland.ie agus níl an Roinn freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachas d’aon láithreán gréasáin nasctha