Ar an leathanach seo tá naisc cruthaithe againn le foilseacháin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus treoir reachtúil, reachtaíocht ábhartha, teagmhálacha áitiúla, acmhainní agus tuarascálacha a d’fhéadfadh bheith ina gcabhair duit mar úinéir nó mar ghníomhaire atá ag obair ar chosaint nó ar aon struchtúr stairiúil.  Is iad na doiciméid is tábhachtaí an tAcht Pleanála agus Forbartha, 2000 (arna leasú); na Rialacháin Phleanála agus Forbartha, 2001 (arna leasú); agus doiciméad treorach na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta Cosaint Oidhreachta Ailtireachta – Treoir d’Údaráis Phleanála (2011).