An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúir Stairiúil 2024

02 November 2023

Sheol Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit don Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (BHIS) agus Ciste na Struchtúr Stairiúil (HSF) don bhliain 2024.  Cabhróidh an maoiniú iomlán de €9milliún trasna an dá scéim le húinéirí struchtúir chosanta a gcuid réadmhaoine a dheisiú faoi stiúir caomhnaithe.

Áireoidh BHIS 2024 maoiniú imfhálaithe de €500,000 chun tithe ceann tuí stairiúla a chaomhnú chun infhaighteacht de chúnamh airgeadais d’úinéirí tithe ceann tuí stairiúla a uasmhéadú.

Áireoidh an HSF 2024 sruthanna don oidhreacht dhúchasach agus d’aghaidheanna siopaí stairiúla.  Cuirfidh an sruth dúchasach maoiniú ar fáil d’oibreacha caipitil beaga ar struchtúir dhúchasacha nach bhfuil san áireamh ar Thaifid na n-údarás áitiúil ar Struchtúir Chosanta.  Cuirfidh an sruth aghaidheanna siopaí stairiúla maoiniú ar fáil do dheisiú aghaidheanna siopaí stairiúla faoi stiúir an chaomhnaithe chun na gnéithe sainiúla seo dár gcathracha, dár mbailte agus dár sráidbhailte a chosaint.

Tá an BHIS agus an HSF á riaradh ag na húdaráis áitiúla agus cabhróidh sé leis na céadta tionscadal mionscála atá dlúthfhostaíochta, chomh maith le roinnt tionscadal ar scála níos mó, atá dírithe ar ár dtimpeallacht thógtha stairiúil a dhaingniú ar mhaithe linn inniu agus mar oidhreacht do na glúine atá le teacht.  Tabharfaidh na tionscadail tacaíocht shuntasach freisin do phoist i gcaomhnú, tógáil agus scileanna traidisiúnta.

Bronnadh maoiniú ar bhreis is 650 tionscadal faoin BHIS agus HSF in 2023, ó dheisiúcháin ar mhionscála go siúinéireacht go deisiúcháin ar dhíonta ar mhórscála, agus tá cuireadh á thabhairt anois d’úinéirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin BHIS agus HSF do 2024.  Tá sonraí na scéimeanna, agus conas iarratas a dhéanamh tríd an údarás áitiúil, ar fáil thíos:

Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2024 – Leabhrán Treorach d’Iarratasóirí

Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2024 – Seicliosta d’Iarratasóirí

Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2024 – Foirm Iarratais

 

An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 – Treoirleabhar d’Iarratasóirí

An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 – Seicliosta d’Iarratasóirí

An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 – Foirm Iarratais

 

? Killossery Mill, Fine Gall, agus na mballaí láibe le maoiniú de €10,000 faoi an Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2021