Resources

Ar an leathanach seo tá naisc cruthaithe againn le foilseacháin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus treoir reachtúil, reachtaíocht ábhartha, teagmhálacha áitiúla, acmhainní agus tuarascálacha a d’fhéadfadh bheith ina gcabhair duit mar úinéir nó mar ghníomhaire atá ag obair ar chosaint nó ar aon struchtúr stairiúil.  Is iad na doiciméid is tábhachtaí an tAcht Pleanála agus Forbartha, 2000 (arna leasú); na Rialacháin Phleanála agus Forbartha, 2001 (arna leasú); agus doiciméad treorach na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta Cosaint Oidhreachta Ailtireachta – Treoir d’Údaráis Phleanála (2011).

The NIAH Data is available in five parts – Dublin (Dublin City; Fingal; South Dublin County); Connaught; Leinster; Munster and Ulster – and is in .csv format.  The data contains all of the Ministerial Recommendations published by the NIAH indexed by Registration Number.  The data includes the Location; Classification; Rating; Description and Appraisal fields and links to the records on the NIAH website.  The Location information is also available in ITM, Latitude and Longitude and National Grid.  The NIAH Data Download will be updated as more surveys are published.

 

NIAH Survey of Dublin Data
NIAH Survey of Connacht Data
NIAH Survey of Leinster Data
NIAH Survey of Munster Data
NIAH Survey of Ulster Data

 


GIS Web Services

View the OCG Web Map Service

View the ArcGIS REST Web Service

Tá Sonraí NIAH ar fáil do chúig áit – Baile Átha Cliath (Cathair Bhaile Átha Cliath; Fine Gall; Contae Bhaile Átha Cliath Theas); Connacht; Laighean; Cúige Mumhan agus Uladh – agus tá sé i bhformáid .csv.  Cuimsítear sna sonraí gach ceann de na Moltaí Aireachta a d’fhoilsigh an NIAH arna n-innéacsú de réir Uimhir Chláraithe.  Cuimsítear sna sonraí an Suíomh; Aicmiú; Rátáil; Réimsí Tuairisc agus Breithmheasa agus naisc leis na taifid ar shuíomh Gréasáin NIAH.  Tá an fhaisnéis maidir leis an Suíomh ar fáil freisin in ITM, Domhanleithead agus Domhanfhad agus an Eangach Náisiúnta.  Déanfar Íoslódáil Sonraí NIAH a nuashonrú de réir mar a fhoilseofar níos mó suirbhéanna.

Beidh Catalóg um Malartú Sonraí Spásúlachta na hÉireann mar phríomhphointe tagartha do mheiteashonraí tacar sonraí GIS na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.  Spreagtar úsáideoirí deiridh dul i gcomhairle le ISDE.

Cuimsítear sa Suirbhé ar Ghairdíní Stairiúla agus Tírdhreacha Deartha os cionn 6,000 taifead de ghairdíní stairiúla agus tírdhreacha deartha.  Is diméin iad seo go príomha ach tá reiligí gairdíní agus páirceanna uirbeacha curtha san áireamh freisin.

Rinneadh an suirbhé tosaigh in dhá chéim.  Cuireadh tús le Céim 1 in 2003 nuair a sainaithníodh suíomhanna.  Cuireadh tús le Céim 2 in 2005 agus bhí sé ina mheasúnú deisce ar riocht agus ar mharthanas.  Baineann Céim 3 le hobair allamuigh chun measúnuithe níos cruinne a ullmhú.  Foilsíodh na sonraí do Chéim 3 do chontaetha Dhún na nGall agus Lú.

Áiríodh i gCéim 1 scrúdú cuimsitheach ar an gcéad, dara agus ar an dara heagrán Athbhreithnithe bileoga léarscáile d’aon orlach go míle ón tSuirbhéireacht Ordanáis a foilsíodh idir 1850 agus 1895 ar a dtaispeántar diméin scáthaithe i dtonn liath.  Taifeadadh sonraí faoi gach suíomh lena n-áirítear:

  • Ainm a thaispeántar ar an léarscáil agus aon ainm malartach a aimsítear
  • Baile Fearainn
  • Paróiste
  • Barúntacht
  • Contae
  • Láithreacht ar an ar an gcéad, dara agus ar an dara heagrán Athbhreithnithe de léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis agus uimhir na bileoige
  • Tagairt eangaí ar Shraith Fionnachtana nua-aimseartha Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSI)

Rinneadh cuardach leabharlainne chun tagairtí leabharliosta tábhachtacha a thaifeadadh.  Ullmhaíodh comhaid pháipéir do gach suíomh agus cuireadh ábhar leabharliosta leis.  Tá na comhaid pháipéir anois i leabharlann na nGairdíní Luibheolaíochta Náisiúnta i nGlas Naíon.

Áiríodh i gCéim 2 measúnú tosaigh ar riocht agus ar mharthanas na suíomhanna go léir ag baint úsáide as na bileoga léarscáileanna de sé horlaí go míle ón tSuirbhéireacht Ordanáis a foilsíodh idir 1833 agus 1846 agus aerfótagrafaíocht OSI (2000).  Le Córas Faisnéise Geografaí gréasán-bhunaithe (GIS) bhíothas ábalta léarscáil agus grianghraf a fhorleagan agus a chur i láthair ag an scála céanna chun ligean do ghnéithe atá fós ann a thaispeáint go héasca.  Ullmhaíodh Tuarascáil Suirbhé Suímh do gach láithreán le tráchtaireacht ar na rudaí a d’fhéadfaí a aithint ar an léarscáil agus ar an ngrianghraf agus ar na rudaí a d’fhéadfaí a léirmhíniú faoi riocht an láithreáin bunaithe ar chomparáid idir an dá cheann.  Cuimsítear sa Tuarascáil Suirbhé Suímh:

  • Forbhreathnú Tosaigh: trácht ginearálta ar an láithreán foriomlán agus tionchar d’aon fhorbairt le déanaí
  • Gnéithe Ailtireachta: láithreacht agus marthanas na bpríomhfhoirgneamh agus na ndéanmhas eile cosúil le foirgnimh ghairdín agus tithe geata
  • Gluaiseacht Laistigh den Suíomh: bealaí, tiomántáin agus siúlóidí a bheith i láthair agus aon athrú orthu seo ó foilsíodh na léarscáileanna
  • Gnéithe Tírdhreacha: príomhghnéithe i láthair ar nós gairdíní foirmiúla, lochanna/aibhneacha, úlloird/garraithe daingne, caol-léargais agus coillearnach. De ghnáth tabharfar trácht gairid ar charachtar agus ar riocht an tírdhreacha

 

Cuimsítear san Fhorbhreathnú Tosaigh an tInnéacs Saibhreas Gnéithe.  Is figiúr é seo a fhéadfaidh bheith idir 1 agus 16 agus is ionann é agus líon iomlán na bpríomhghnéithe gairdín a sainaithníodh.  Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfadh gnéithe bheith fós ann nach bhfuil le feiceáil ar aerfótagrafaíocht.

Tá cúig rogha fhéideartha ann don Ráiteas Coinníll:

  • Príomhghnéithe le feiceáil go mór – gan aon chailliúint ionracais
  • Príomhghnéithe le feiceáil go mór – cailliúint ionracais éigin
  • Príomhghnéithe le feiceáil go mór – gnéithe forimeallacha neamh-aitheanta
  • Príomhghnéithe nach bhféadtar a aithint – gnéithe forimeallacha le feiceáil
  • Níl aon ghné inaitheanta beagnach

 

Ní mór aird a thabhairt nach léiriú é an Ráiteas Coinníll ar luach oidhreachta an láithreáin agus nár cheart é a úsáid chun ráitis faoi thábhacht nó fhiúntas an láithreáin a chosaint.  Teastaíonn suirbhé allamuigh chun marthanas an láithreáin a dhearbhú agus chun luach oidhreachta an láithreáin a mheas.

Cuimsítear i gCéim 3 obair allamuigh chun measúnú mionsonraithe ar gach suíomh a chumasú.  Úsáidtear foirm chaighdeánach taifeadta chun suíomh, baile fearainn/bailte fearainn, sonraí na mapála, Tuairisc Achomair agus Sonraí Láithreáin a thaifeadadh lena n-áirítear:

  • Príomhfhoirgneamh
  • Teorainn/Ballaí
  • Bealaí Isteach/Tithe Geata
  • Bealaí Rochtana
  • Tithe lasmuigh
  • Gairdíní agus Faiche Ornáideacha
  • Plandaí / Bailiúcháin Plandaí
  • Foirgnimh Gairdín Ornáideacha
  • Struchtúir Gairdín Ornáideacha
  • Gairdíní Táirgiúla
  • Foirgnimh Gairdíní Táirgiúla
  • Fearann páirce
  • Coillearnach
  • Talamh feirme
  • Uisce
  • Gairdíní Daingne
  • Gaoil Chultúrtha / Stairiúla
  • Gnéithe Eile

 

  • Tá sé rogha fhéideartha ann don Ráiteas Suntasachta:
  • Suíomh suntasach, atá slán den chuid is mó – struchtúir thógtha agus plandáil i dea-riocht
  • Suíomh suntasach – cailliúint ionracais éigin
  • Suíomh a bhfuil tábhacht stairiúil leis – atá anois tréigthe go páirteach nó scriosta
  • Suíomh measartha – le foirgnimh agus plandáil fós ann
  • Suíomh measartha – tréigthe anois nó scriosta
  • Suíomh ar díol spéise stairiúil amháin é

 

Cuirfear na sonraí do Chéim 3 leis an suíomh gréasáin de réir mar a dhéanfar dul chun cinn ar an suirbhé agus gabhfaidh siad ionad na sonraí do Chéimeanna 1 agus 2.

Ba é Richard Clutterbuck ó Scoil na Tíreolaíochta agus na Seandálaíochta, OÉ Gaillimh a thiomsaigh an scarbhileog thíos, agus tá na pointí ann do na suíomhanna atá san áireamh sa Suirbhé ar Ghairdíní Stairiúla agus Tírdhreacha Deartha.

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Foilseacháin

Íoslódáil PDFanna dFhoilseacháin leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

 

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Sraith Chomhairle

Coinbhinsiúin agus Reachtaíocht

Naisc le coinbhinsiúin agus reachtaíocht ar líne

Íoslódáil PDF d’áitribh atá ar oscailt don phobal faoi Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997

 

Section 482 Properties 2023

Some Frequently Asked Questions (FAQ) on the work of the NIAH and its implications. Please contact us if there is any question that we have not addressed.

 

Ceisteanna Coitianta