Tá Fardal Náisiúnta na hOidhreacht Ailtireachta i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe chun slí siúlóide Shiúlóid na nIontas a chruthú.  Forbraíodh slí siúlóide Shiúlóid na nIontas i gcomhar leis na pobail áitiúla.  Chomh maith le foirgnimh phoiblí aitheanta, tugann gach slí léargas ar chuid de na sonraí ailtireachta nach bhfuil chomh cáiliúil agus na scéalta a bhaineann leis na háiteanna uathúla seo.

Siúlóid na nIontas do Bhéal Átha na Sluaighe lán d’áiteanna oidhreachta beoga.  Tosaíonn an tslí ag Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe, sean-Chlochar na Trócaire, sula ndreapann tú Cnoc an Teampaill go Naomh Eoin a raibh a chlog mar bhronntanas do mhuintir an bhaile.  Tabharfaidh spaisteoireacht tríd an bPríomhshráid tú chomh fada le háit bhreithe Supermac’s sula stopann tú ag an rud ar a dtugtar “balla leisciúil” – áit a mbíodh muintir na háite ag teacht le chéile go traidisiúnta chun suí agus comhrá a dhéanamh faoi na himeachtaí is déanaí sa bhaile agus níos faide i gcéin.  Ag bogadh ar aghaidh go dtí Faiche an Aonaigh, an láthair ina mbíonn an t-aonach capall bliantúil ar siúl gach Deireadh Fómhair, críochnaíonn an tslí le saranáide do ré na seó-bhannaí ag Bálseomra Emerald.

Cliceáil ar an gclúdach thíos chun do shlí siúlóide Shiúlóid na nIontas saor in aisce a íoslódáil