Glac páirt sa Chomhrá ar Thithe Traidisiúnta Éireannacha

12 May 2023

An úinéir tí thraidisiúnta tú?  An bhfuil tú ag smaoineamh ar bheith i d’úinéir ar theach traidisiúnta, stairiúil?  Táimid ag iarraidh cloisteáil uait!

Ba bhreá leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta do chuid smaointe a fháil faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húinéir tí traidisiúnta.  Beidh d’aiseolas fíor-luachmhar chun cabhrú le múnlú polasaí amach anseo agus chun maoiniú a fháil do na foirgnimh seo atá mar chuid chomh tábhachtach dár n-oidhreacht thógtha agus dár dtírdhreach.

Tá foireann taighde neamhspleách a oibríonn ar ár son ag reáchtáil sraith fócasghrúpaí 90 nóiméad ar líne.  Bheadh an-áthas orainn do thuairimí a chloisteáil agus do thaithí a roinnt linn.  Más mian leat a bheith páirteach, déan teagmháil linn!  Tá d’aiseolas an-tábhachtach dúinn.

Déan teagmháil le Catriona O’Flaherty trí ríomhphost le do thoil ag Catriona.OFlaherty@housing.gov.ie nó ar an bhfón ar 01 5393651.