Tá Fardal Náisiúnta na hOidhreacht Ailtireachta i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile átha Cliath chun slí siúlóide Shiúlóid na nIontas a chruthú.  Forbraíodh slí siúlóide Shiúlóid na nIontas i gcomhar leis na pobail áitiúla.  Chomh maith le foirgnimh phoiblí aitheanta, tugann gach slí léargas ar chuid de na sonraí ailtireachta nach bhfuil chomh cáiliúil agus na scéalta a bhaineann leis na háiteanna uathúla seo.

Tosaíonn an tslí shiúil do Chearnóg Mhuinseo agus Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh ag Páirc Chearnóg Mhuinseo, gairdín príobháideach a bhí ann uair amháin do na hocht dteach is seasca móra baile Seoirseacha atá ar gach taobh den chearnóg.  Ar an tslí téitear trí gach ceann de na ceithre thaobh agus stoptar ansin ag clúdaigh gualphoill, “bosca toirní”, agus marcóir teorainn bharda sular leantar ar aghaidh ar an mbealach go dtí Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh.  Foghlaim faoi naisc an cheantair le King Crisps agus seanchíste i mBaile Átha Cliath ar a dtugtaí go ceanúil “císte iongacha”!  Críochnaigh an tslíar ais ar an gcearnóg agus a radharcanna breátha i dtreo Theach cáiliúil an Chustaim Gadon.

Cliceáil ar an gclúdach thíos chun do shlí siúlóide Shiúlóid na nIontas saor in aisce a íoslódáil