Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2026

25 July 2025

Féadfaidh coimeádaithe agus úinéirí struchtúr stairiúil agus struchtúr faoi chosaint iarratas a dhéanamh anois ar suas le €50,000 i maoiniú deontais faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2026.  Féadfaidh úinéirí foirgneamh stairiúil tuí, tráchtála nó cónaithe, iarratas a dhéanamh anois ar suas le €20,000 i maoiniú deontais faoin Sruth Foirgnimh Stairiúla Tuí de chuid Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2026.

Cuireann oidhreacht thógtha na hÉireann le beocht ár gcathracha, ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár dtuath agus tugann sí bród as ár n-áit ag an am céanna.  Cuidíonn an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) le coimeádaithe agus úinéirí struchtúr stairiúil agus struchtúr faoi chosaint a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le cúram a dhéanamh d’oidhreacht thógtha na hÉireann.

Déanann na húdaráis áitiúla riaradh ar SIOT 2026 agus ba chóir dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil lena nOifigeach Caomhnaithe Ailtireachta áitiúil le haghaidh comhairle agus cúnaimh nó lena nOifigeach Oidhreachta áitiúil mura bhfuil Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta fostaithe ag a n-údarás áitiúil.

Tá SIOT 2026 oscailte d’iarratais go dtí Dé hAoine an 26 Meán Fómhair 2025. Tá sonraí iomlána, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ciorcláin agus sonraí teagmhála ábhartha, le fáil thíos:

 

Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tóghta 2026

SIOT 2026 Achoimre Treoirleabhar d’Iarratasóirí

SIOT 2026 Ciorclán Treorach d’Údaráis Áitiúla

SIOT 2026 Oibreacha Cáilitheacha agus Neamhcháilitheacha

SIOT 2026 Aguisín I – Foirm Iarratais

 

Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla SIOT 2026

Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla SIOT 2026 Ciorclán Treorach d’Údaráis Áitiúla

Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla SIOT 2026 Aguisín I – Foirm Iarratais